Adult Fiction, Book reviews and recommendations, Children 10-12, Educational, Young Adult 12-15, Young Adult 16+

Fadó Riamh… Ag an Tús

Údar: Áine Ní Ghlinn

Léirmhreas d’Eibhlín , as leabharlann Bhaile Chill Dara

Nuair a dúnadh an leabharlann cúpla mí ó shin thóg mé an leabhar seo abhaile chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú. Is do dhaoine fásta, atá ag foghlaim na Gaeilge, atá sé scríofa. Tá foclóirín ag bun gach leathanaigh agus ceann níos iomláine ag deireadh an leabhair. D’fhág sé sin go raibh mé in ann é a léamh gan strus. Tá an-suim agam i miotaseolaíocht agus i gcultúir áiteanna eile. Is faoi thus an domhain a scríobhadh na scéalta seo agus is as an Astráil, an Ghréig, an Afraic Thiar agus áiteanna eile dóibh. Is as an Ungáir do dhán amháin. Níl ach trí leathanach in aon scéal agus tá siad uile an-suimiúil. Tá cosúlachtaí eatarthu agus saoráid stíle le sonrú orthu chomh maith. D’fhoghlamaíos faoi na Sinsir san Astráil, faoin mBéabhar is faoin Turtar Mór ag bundúchasaigh Mheiriceá, faoi na Tiotónaigh, na Bandéithe agus na Déithe Gréigeacha. Tá go leor eile sna scéalta agus bhain mé ard-taitneamh as iad a léamh. Tá na scéalta suimiúil agus éasca le léamh. Bíonn duine in ann an leabhar a chur síos agus filleadh ar na scéalta agus tosú á léamh athuair.

Titles of Irish works available to borrow on Bolinda Borrowbox may be found here.

Advertisement

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s